Latest News
  • Book Sale
    There are no translations available.

    Substantial discounts of up to 88% on selected titles!
    See more details here and buy online from books.dias.ie!

    • Thesaurus palaeohibernicus Vol. 1. and 2. was €60 NOW €30
    • The Impact of the Scandinavian invasions on…
    Tuilleadh...
  • Tionól 2012 - Call for papers
    There are no translations available.

    TIONÓL 2012

    This year’s Tionól will take place at the School of Celtic Studies, 10 Burlington Road, Dublin 4, on 16 and 17 November.

    Papers will relate to any aspect of Celtic Studies, and will be 30 minutes…

    Tuilleadh...

Fáilte

Fáilte romhat go dtí suíomh lín Scoil an Léinn Cheiltigh!

Tá Scoil an Léinn Cheiltigh ar bun ó cruthaíodh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath leis an Acht um Institiúid Ard-Léinn (1940) ar mholadh an Taoisigh Éamon De Valera. Sa tréimhse idir an dá linn tá aitheantas ar fud an domhain bainte amach ag an Scoil mar phríomhionad taighde agus foilsitheoireachta sna teangacha Ceilteacha.

Tá an seasamh agus an t-aitheantas a thugtar do Scoil an Léinn Cheiltigh bunaithe ar réimse agus feabhas na scoláireachta atá ar siúl inti ón tús, agus ar an soláthar seirbhíse leanúnach a dhéanann foireann na Scoile ar chomhluadar fairsing scoláirí. Freastalaíonn cuairteoirí acadúla ó chian agus ó chóngar ar thionóil agus comhdhálacha na Scoile ó bhliain go bliain; ar na seiminéir rialta a bhíonn mar chuid leanúnach d’obair acadúil na Scoile; agus ar na Scoileanna Samhraidh Idirnáisiúnta sa Léann Ceilteach do lucht foghlama a eagraíonn an Scoil ar feadh coicíse gach trí bliana. Beidh Scoil Shamhraidh Idirnáisiúnta na bliana seo ar siúl i Scoil an Léinn Cheiltigh 18-29 Iúil, 2011.

Tá céadta éigin de leabhair agus imleabhair foilsithe ag Scoil an Léinn Cheiltigh i ngach gné den Léann Ceilteach ó lár na haoise seo caite. Tá an maoiniú ar chlár foilseachán na Scoile ag brath go mórmhór ar dhíolacháin, agus an clár féin in inmhe díol as féin de ghnáth. Ceithre fhoilseachán shubstaintiúla atá curtha ar an margadh le bliain anuas: Scriptural instruction in the vernacular (de Brún) agus The wedding-poems of Dáibhí Ó Bruadair (Griffin Wilson), The Book of the O’Conor Don (Ó Macháin), mar aon leis an imleabhar is déanaí d’iris léannta na Scoile Celtica, iml. XXVI (McKenna, Kelly). Tá teacht ar an gclár Foilseacháin sa Léann Ceilteach (2010) ar-líne ag an seoladh books.dias.ie.

Cothaíonn Scoil an Léinn Cheiltigh ceangail náisiúnta agus idirnáisiúnta freisin tríd an bhfreastal tábhachtach a dhéanann sí ar an Léann Ceilteach i gcoitinne, agus ar léann na Gaeilge in Éirinn, le roinnt mórthionscnamh, go háirithe an chuid díobh atá ar siúl go fadtéarmach agus atá ar-líne, ina measc Bibleagrafaíocht na Teangeolaíochta agus na Litríochta (BILL), Meamram Páipéar Ríomhaire (ISOS), GLÓR (Cartlann Fuaime), agus OGHAM.

Pádraig A. Breatnach
Stiúrthóir

Feabhra 2011

10 Burlington Road, Dublin 4, Ireland Tel: +353-1-6140100, Fax: +353-1-6680561