Scoláireachtaí

Cuireann Bord Rialúcháin Scoil an Léinn Cheiltigh suas le ceithre cinn de scoláireachtaí taighde ar fáil in aghaidh na bliana, nó ó am go ham do réir mar a cheadaíonn acmhainní, do mhic léinn atá ag gabháil do chéim dochtúireachta nó a bhfuil an chéim sin bainte amach acu. De ghnáth bíonn feidhm le scoláireacht ón 1 Deireadh Fómhair, agus is féidir leis an mBord í a athnuachan ó bhliain bliain ar feadh tréimhse trí bliana.

Tá foirmeacha iarratais le fáil anseo (PDF) nó scríobhtar go dtí An Cláraitheoir, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 10 Bóthar Bhurlington, Baile Átha Cliath 4, Éire.

Is é an sprioclá le haghaidh iarratas (ó 2011) an 15ú Bealtaine.

Eagraíocht intofa faoi scéimeanna maoinithe IRCHSS is ea Institiúid Ard Léinn Bhaile Átha Cliath.

 

Comhaltacht Uí Aimhirgín

Is corparáid neamhspleách reachtúil i gcomhair taighde í Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a bunaíodh sa mbliain 1940. Trí Scoil atá inti a bhfuil sé mar chúram orthu taighde bunaidh a dhéanamh. Is iad sin Scoil an Léinn Cheiltigh, Scoil na Fisice Teoiriciúla, agus Scoil na Fisice Cosmaífaoi seach. Is í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta atá freagrach as maoiniú Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus is don Roinn sin a thuairiscíonn sí.

Aidhm Scéim Chomhaltachtaí Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath

Is iad na haidhmeanna atá le Scéim Chomhaltachtaí Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath ná: (i) postanna meán-téarmacha dea-thuarastail a thairiscint do thaighdeoirí ard-chumasacha i dtús a réime a mbeadh geallúint fúthu chun taighde a dhéanamh i dtimpeallacht taighde den chéad scoth; agus (ii) cur le cláracha taighde na hInstitiúide trí dhaoine agus smaointe nua a chothú agus a thabhairt isteach go rialta.

Tá an Scéim Chomhaltachtaí i Scoil an Léinn Cheiltigh ainmnithe den Ollamh Osborn Ó hAimhirgín, céadstiúrthóir Scoil an Léinn Cheiltigh, a bhí ar dhuine de phríomhscoláirí Gaeilge a linne.

Intofacht

Ní mór d’iarrthóirí an chéim PhD a bheith bainte amach acu, agus taithí d’ardcháilíocht a bheith acu i mbun taighde ar ghné(ithe) den Léann Ceilteach.

Critéir Roghnaithe

Bronnfar an Chomhaltacht i Scoil an Léinn Cheiltigh ar bhonn na gcúinsí seo leanas amháin:

  • Díntiúirí taighde an iarrthóra agus an gheallúint atá faoi/fúithi
  • Cáilíocht an tionscnamh taighde i gcomhthéacs raon saothair agus leas straitéiseach na Scoile

Coinníollacha Ceapacháin

Ceapfar an Comhalta ar chonradh sprioc-théarma idir 3-5 bliana. Áireofar an chéad bhliain mar thréimhse phromhaidh. Is é scála an tuarastail €45,769–50,976. Ceapfar Comhaltaí ag an íosphointe.

Áiseanna Tacaíochta Taighde

Beidh an Comhalta in ann úsáid a bhaint as áiseann taighde Scoil an Léinn Cheiltigh, agus soláthrófar liúntas taistil le haghaidh cuspóirí taighde nuair a cheadaíonn acmhainní chuige sin.

Riachtanas tuairisce

Ní mór don Chomhalta tuarascáil in aghaidh na bliana a sholáthar do Stiúrthóir na Scoile le cur faoi bhráid an Bhord Rialúcháin, ina gcuirfear síos ar an obair thaighde atá i gcrích le bliain anuas agus ina leagfar amach plean oibre don bhliain a leanann.

Dualgais

Beidh dualgas ar an gComhalta a bheith dírithe ar a c(h)uid taighde i gcomhairle le Stiúrthóir na Scoile. Ní mór freisin páirt iomlán a ghlacadh i saol na Scoile, freastal ar chainteanna agus seiminéir, agus a bheith gníomhach i mbun foilsitheoireachta. D’fhéadfadh sé ó am go ham go n-iarrfadh an Stiúrthóir ar an gComhalta seimineár a thairiscint; cabhrú le stiúrú mhac léinn taighde; cúnamh a thabhairt maidir le hiarratais ar mhaoiniú a chur le chéile; agus cuidiú le tionscnaimh na Scoile.

Iarratais agus sprioclá

Is cóir litir iarratais a sheoladh maraon le CV acadúil, moladh i gcomhair tionscnamh taighde (gan dul thar 4 lch), agus ainmneacha agus seoltaí ag baint le triúr moltóirí (atá sásta feidhmiú), go dtí An Cláraitheoir, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 10 Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath 4. Seoltar iarratais leictreonacha chun This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it . Oifig an Chláraitheora, 10 Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath 4, nó go dtí an seoladh ríomhphoist This e-mail address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it .

Is féidir le iarrthóirí ar mian leo an follúntas a phlé teagmháil a dhéanamh le Stiúrthóir na Scoile. Is é 30 Samhain 2011 an sprioclá le haghaidh iarratas.

Is fostóir comhionannais í Institiúid Ard-Léinn Bhaile Atha Cliath.

 
10 Burlington Road, Dublin 4, Ireland Tel: +353-1-6140100, Fax: +353-1-6680561