DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Cúlra

Sa mbliain 1940 is ea a bunaíodh Scoil an Léinn Cheiltigh. San Acht um Institiúid Ard-Leighinn na bliana sin fógraíodh an bonn a bheadh faoi dhá scoil na hInstitiúide: Scoil an Léinn Cheiltigh agus Scoil na Fisice Teoraicí. (Tamall ina dhiaidh is ea bunaíodh an tríú scoil, Scoil na Fisice Cosmaí.)

Leagadh feidhmeanna agus dualgaisí na Scoile amach san Acht, agus in Ordú Bunúcháin na bliana céanna, mar leanas:

  1. ábhar atá i láimhscríbhinní Gaeilge a scrúdú agus  chur in eagar agus a fhoilsiú;
  2. staidéar a dhéanamh ar ghramadach, foclóireacht agus focleolaíocht  na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge, agus na Nua-Ghaeilge;
  3. foghraíocht chanúintí na Gaeilge a scrúdú agus an Ghaeilge mar a labhartar í a thaifeadadh;
  4. log-ainmneacha na hÉireann a bhailiú agus staidéar a dhéanamh orthu;
  5. staidéar a dhéanamh ar stair shóisialta na hÉireann agus fós ar gach brainse de stair na hÉireann ar gá eolas ar an nGaeilge chun lorgaireachta ina taobh;
  6. oibreacha i dtaobh aon ábhair dá luaitear i mír ar bith roimhe seo den fho-alt seo, maraon le hoibreacha eile ar dealratach go mba choitinne dá mbarr a bheadh eolas ar na teangacha Ceilteacha agus ar litríochtaí na dteangacha sin, agus ar chúlra ultúrtha agus sóisialta na síbhialtachtaí Ceilteacha, a réiteach agus a mholadh don Chomhairle chun a bhfoilsithe;
  7. mic léinn árd-leibhéil a oiliúint i modhanna taighde in aon ábhar acu sin;
  8. seimineáir agus tionóil agus léachtaí ar ábhair a bhaineann leis na teangacha Ceilteacha agus le litríochtaí na dteangacha sin agus le cúrsaí eile faoi leith a mbeadh suim ag lucht staidéir ar an nGaeilge agus ar a litríocht iontu, a bhunú;
  9. áiseanna chun árd-staidéir agus taighde a dhéanamh sa Léann Ceilteach a chur ar fáil d’ollúna agus do léachtóirí ollscoile a bheidh ar saoire ó a gcuid dualgaisí acadúla;
  10. a chur mar chúram ar scoláirí inniúla, pé acu an mbeidh baint acu leis an Institiúid nó nach mbeidh, oibreacha ar an léann Ceilteach a scríobh nó a chur in eagar agus sé sin ar luach saothair nó á éagmais;
  11. cabhrú le taighde sa léann Ceilteach i dtíortha eile agus socruithe a dhéanamh ar mhaithe le malartú idir mic léinn árdleibhéil sa léann sin abhus agus sna tíortha i gcéin;
  12. aon fheidhmeanna agus dualgaisí a bhainfidh leis an léann Ceilteach a gcinnfidh Bord Rialúcháin na Scoile orthu ó am go ham.


Download HD Video