DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Leabharlann

Is é atá mar príomhchuspóir ag Leabharlann Scoil an Léinn Cheiltigh na háiseanna agus na córacha is fearr is féidir a chur ar fáil ar mhaithe le taighde d’ardcháilíocht sa Léann Ceilteach.

Library brochure (PDF)

An Bailiúchán

Clúdaíonn bailiúchán leabharlann Scoil an Léinn Cheiltigh réimsí ar nós

  • Teangacha Ceilteacha agus teangeolaíocht
  • An ealaíon Cheilteach agus seandálaíocht
  • Ceoleolaíocht/ceol traidisiúnta
  • Laidin na hÉireann
  • Pailéagrafaíocht (Laidin & Gaeilge)
  • Léirmheastóireacht théacsúil
  • Gramadach foclóireacht agus Focleolaíocht na Sean-, Meán- agus Nua-Ghaeilge
  • Foghraíocht na gcanúintí Gaeilge
  • Logainmneacha na hÉireann
  • Stair shóisialta na hÉireann

ALCID

Is comhalta rannpháirteach d’ALCID í Scoil an Léinn Cheiltigh. Is scéim rochtain comhoibritheach é ALCID, a bhfuil cead ag lucht léinn, foireann acadúil agus iarchéimithe cláraithe, leabhair agus foinsí eile a cheadú ar bhonn neamhfhoirmiúil sna leabharlanna rannpháirteacha, ach ní mór cárta ballraíochta coitianta ALCID a thaispeáint.

Is féidir le sealbhóirí cárta ALCID cuairt a thabhairt ar an leabharlann Luan – Aoine, 10am – 1pm & 2.30pm – 5.00pm.