Is é atá mar príomhchuspóir ag Leabharlann Scoil an Léinn Cheiltigh na háiseanna agus na córacha is fearr is féidir a chur ar fáil ar mhaithe le taighde d’ardcháilíocht sa Léann Ceilteach.
Library brochure (PDF)
An Bailiúchán
Clúdaíonn bailiúchán leabharlann Scoil an Léinn Cheiltigh réimsí ar nós
- Teangacha Ceilteacha agus teangeolaíocht
- An ealaíon Cheilteach agus seandálaíocht
- Ceoleolaíocht/ceol traidisiúnta
- Laidin na hÉireann
- Pailéagrafaíocht (Laidin & Gaeilge)
- Léirmheastóireacht théacsúil
- Gramadach foclóireacht agus Focleolaíocht na Sean-, Meán- agus Nua-Ghaeilge
- Foghraíocht na gcanúintí Gaeilge
- Logainmneacha na hÉireann
- Stair shóisialta na hÉireann
ALCID
Is comhalta rannpháirteach d’ALCID í Scoil an Léinn Cheiltigh. Is scéim rochtain comhoibritheach é ALCID, a bhfuil cead ag lucht léinn, foireann acadúil agus iarchéimithe cláraithe, leabhair agus foinsí eile a cheadú ar bhonn neamhfhoirmiúil sna leabharlanna rannpháirteacha, ach ní mór cárta ballraíochta coitianta ALCID a thaispeáint.
Is féidir le sealbhóirí cárta ALCID cuairt a thabhairt ar an leabharlann Luan – Aoine, 10am – 1pm & 2.30pm – 5.00pm.










