DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Tionól 2021: Gairm ar Pháipéir

26–27 SAMHAIN

Tá sé i gceist againn Tionól na bliana seo a reáchtáil ar an Aoine agus ar an Satharn 26–27 Samhain. I ngeall ar na srianta taistil agus eile atá i bhfeidhm faoi láthair, níl ar ár gcumas fós leagan amach na comdhála a dheimhniú, ach tá súil againn a bheith in ann sin a dhéanamh san fhómhar.

Ba cheart dóibh siúd ar spéis leo páipéar a léamh ag an Tionól teideal an pháipéir maille le gearrachoimre a sheoladh chuig tionol@celt.dias.ie faoi 31 Lúnasa.