Dublin Institute for Advanced Studies contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Clóliosta

Printing in the Irish language, 1571–1871.
An attempt at narrative bibliography
by
Richard Sharpe and Mícheál Hoyne

I dtaobh an Chlóliosta

Sid é atá sa Chlóliosta ná clár d’fhoilsitheoireacht Ghaeilge ón tús anuas go dtí 1871. Tá sé mar aidhm againn gach saothar clóite as Gaeilge a chur san áireamh; sa luath-thréimhse, áirítear saothair ina bhfuil sleachta Gaeilge leis, fiú má tá na sleachta sin gearr. Tagann sé seo leis an iarracht a deineadh roimhe seo a leithéid de chlár a chur ar fáil .i. List of Books, Pamphlets, &c., printed wholly, or partly, in Irish from the earlies period to 1820 (Baile Átha Cliath, 1905), leabhrán 24 leathanach ar fhad a chuir E.R. McC. Dix agus Séámus Ua Casaide le chéile agus a foilsíodh ar dtúis mar shraith nótaí in An Claidheamh Soluis i Mí Eanáir 1904. Tá leabhair sa Chlóliosta s’againne atá go huile is go hiomlán i nGaeilge, leabhair Ghaeilge a bhfuil a leathanach teidil nó a bparaitéacs (réamhrá, nótaí, 7rl.) as Béarla, leabhair a chuireann téacsanna Gaeilge ar fáil le gléas eagarthóireachta i dteanga eile. Tá bheith istigh ag foclóirí, graiméir agus leabhráin oideachasúla ann ar ndóigh. Deintear clárú ar leabhair ina dtugtar leaganacha den bPaidir i dteangacha éagsúla nuair a thugtar leagan Gaeilge leis. Mar thoradh ar an tochailt seo thángthas ar dhá rann as aistriúchán meadarach Gaeilge de shalm a foilsíodh i Zürich na hEilvéise in 1610. Saothair eile nach bhfuil ach fíorbheagán Gaeilge iontu, luaitear iad mar gheall ar an eolas is féidir a bhaint astu maidir le úsáid clónna Gaeilge, rud a chuireann ar ár gcumas a aithint, mar shampla, gur cuireadh cló na Banríona Eilís I sall go Londain le linn Chromail. Cuirtear leabhair nach bhfuil iontu ach aistriúcháin ón nGaeilge san áireamh ann ar bhonn a luacha: chun go luafaí iad sa Chlóliosta, caithfear a thaispeáint gur chuir na haistriúcháin le heolas tathagach a chraobhscaoileadh ar thraidisiún liteartha na Gaeilge. Sampla nach bhfuil aithne go forleathan air, The Battle of Ventry Harbour, ‘being a literal translation from an Old Irish manuscript’, cuireadh i gcló i gCorcaigh in 1819 é agus deineadh é a athcló cúpla uair ina dhiaidh sin; níorbh eol do Shisile Ní Rathaille gurbh ann do na heagráin seo, ach bhí sí den tuairim gur tiontó Béarla ar an mbuntéacs a deineadh san 18 haois a bhí san eagrán a tháinig amach níos déanaí (1884), eagrán a shíolraigh – mar is eol dúinn anois – ó na heagráin chlóite a foilsíodh roimhe sin. Cuirteas ábhar gearrshaolach as Gaeilge san áireamh leis, nuair is eol dúinn iad: mar shampla, an mhórbhileog ar a bhfuil an dán Tuar ferge foighide Dhé (1571) agus an forógra – a bhfuil fianaise ann air ach nach bhfuil teacht air a thuilleadh faraor – The Queenes Maiesties Proclamation against the Earl of Tirone (1595), nó an bhileog fhillte, Guth o Neamh go Herinn, a cuireadh i gcló Éireannach le seachadadh ar fud na tíre go dtí Caitlicigh na hÉireann tríd an gcóras poist. Saothair a chaitheann léas ar scéal na foilsitheoireachta Gaeilge, ar nós aiste leis an Oirmhinneach Whitley Stokes dar teideal Observations on the necessity of publishing the Scriptures in the Irish language [BÁC, 1806], cuirtear san ábhar iad de réir luach an eolais atá le baint astu.

Sa Chlóliosta cláraítear teideal agus inphrionta gach saothar, tugtar cur síos achomair ar an leabhar mar dhéantús, deirtear cén cló a bhí in úsáid nuair is gá, tugtar ainm an chlódóra agus áit an chlóbhuailte, agus tugtar tagairtí do na háiseanna cuíthe leabhareolais. Tugtar eolas go gonta i dtaobh ábhar agus comhthéacs an tsaothair. Tá comhthéacs comhaimseartha ag na heagráin chlóite, ach tá comhthéacs ag na téacsanna féin atá le fáil iontu i saol leanúnach sheachadadh agus chraobhscaoileadh na litríochta – bíonn lámhscríbhinní laistiar de na heagráin luatha seo, mar shampla, agus is minic nach dtógtar ceann den bhfianaise chlóite agus eagráin nua-aimseartha á n-ullmhú. Mar chuid den bplé a dheinimid ar chomhthéacs na luathshaothar clóite seo, tugaimid liosta de chóipeanna lámhscríofa na leabhar agus de na foinsí lámhscríofa a bhí ag na bunshaothair chlóite. Nuair is eagráin de dhánta atá i gceist, cláraítear na chéadlínte –cuirfear innéacs le chéile amach anseo, leis – d’fhonn cabhrú le scoláirí atá ag gabháil do sheachadadh lámhscríofa na dtéacsanna seo tábhacht an traidisiúin chlóite a aithint. Tugtar eolas go hachomair, leis, ar phraghasanna, mhéid na gcóipeanna a foilsíodh, réamheolairí ag lorg síntiús, eolas ar dhíolacháin, léirmheasanna, agus ar fhianaise eile ar an dearcadh comhaimseartha i dtaobh na bhfoilseachán seo.

Aidhm amháin a bhí againn ná liosta inphóirseála a chur ar fáil a thugann blaiseadh taitneamhach den ábhar don léitheoir fara le treoir d’fhonn cabhrú leis/léi ábhar ar leith a fháil agus a thuiscint.

Is ceist ghabhlánach é conas an t-ábhar seo a chur i láthair an léitheora. Tugtar an liosta in ord cróineolaíoch chun scéal leanúnach a dhéanamh de. Saothair nach féidir dáta cruinn a lua leo, deintear iarracht iad a thabhairt faoin dáta is dóichí in ionad iad a fhágaint as alt gan chomhthéacs. Cabhróidh innéacs leis an léitheoir atá ar thóir saothar nó údar ar leith. Macasamhail an Chlóliosta don mBreatnais, Libri Walliae (1987) le Rees, tugtar na leabhair in ord na haibítre ann, rud a fhágann nach n-insítear scéal leanúnach agus cur chuige nach dtugann an sásamh ba cheart don té atá ag póirseáil tríd. Ar an taobh eile de, in The Bible in Wales (1906) le J. Ifano Jones, faighimid éachtaint iontach ar chlódóireacht, mhargaíocht agus úsáid an Bhíobla sa Bhreatnais in ord cróineolaíoch.

Nuair a tháinig dhá shaothar nó níos mó amach sa mbliain chéanna, ní mór cinneadh a dhéanamh maidir le hord na saothar sin sa Chlóliosta. D’fhéadfaí cloí le hord na haibítre faoi na blianta aonair, ach dá ndéanfaí sin scarfaí saothair óna chéile a mbeadh sé níos ciallmhaire iad a chur i láthair in aice a chéile, mar shampla eagráin den Sean- agus den Nua-Thiomna faoi seach. Tá polasaí tosaíochta curtha i bhfeidhm againne: tugtar tús áite do leabhair choiteanna a bhí dírithe ar an léitheoir Gaeilge agus cuirtear leabhair Chaitliceacha – ar a raibh éileamh – chun tosaigh ar thiomnaí agus thráchtais Phrotastúnacha – a thugtaí amach saor in aisce go minic agus ar sciobadh an sagart cúnta iad, ní foláir, chomh luath is a d’imigh na misinéirí. Tugtar áit thánaisteach d’eagráin ina gcuirtear téacsanna Gaeilge ar fáil trí mheán teanga eile, ach fiú ansin tá gá le scagadh a dhéanamh: Poets and Poetry of Munster (1849), mar shampla, saothar le Seán Ó Dálaigh a raibh an-tóir air, bhí sé sin dírithe ar lucht léite níos fairsinge ná, abraimis, Liber Hymnorum Todd (1849). Cuirtear foclóirí, graiméir agus leabhráin oideachasúla ar runga níos ísle fós, agus leabhair nach bhfuil ach fíorbheagán Gaeilge iontu ina ndiaidh. Níos faide anonn beidh gá le hathscagadh cáiréiseach a dhéanamh ar ord na saothar go léir.

Maidir leis an réamh-eisiúint seo

Ní dócha go bhféadfadh saothar den saghas so bheith lán iomlán choíche. Ní féidir linn dul ag cuardadh do shaothar mura bhfuil a fhios agam gurb ann dó agus ní féidir linn teacht ar a leithéid ach de sheans nó a bhuí le nod ó dhaoine áitiúla a bhfuil eolas acu air. Dá bharr sin cuirtear cóipeanna den Chlóliosta ar fáil do choimeádaithe leabharlanna ina bhfuil cnuasaigh ábharthacha. Tá súil againn go roinnfidh leabharlannaithe a gcuid eolais linn d’fhonn bearnaí a líonadh sara bhfoilseofar an Clóliosta.

Seans go bhfuil eolas ag daoine eile ar chóipeanna nó eagráin nó ar shaothair iomlána nach eol dúinn iad. Seans, leis, go bhféadfaidís obair scolártha a chur ar ár súilibh dúinn a d’fhéadfadh a bheith cabhrach dúinn. Iarraimid ar lucht léite an dréacht seo den gClóliosta dul i dteangbháil linn maidir le bearnaí agus dearúid d’fhonn é a dhéanamh níos iomláine agus níos cruinne.

Tá an clár iomlán mar atá sé anois le fáil anois mar PDF (agus tá dáta an leagain is deireanaí le léamh ar an gcéad leathanach den gcomhad sin). Déanfar leaganacha nua de a chur suas ó am go chéile. Táthar ag coinne leis go mbeidh an comhad le híoslódáil go ceann sé mhí nó mar sin. Bainfear den suíomh é nuair a thosnóimid ar na hiontrálacha a chur san ord deiridh i gcomhair an Clóliosta a chur faoi bhráid an chlódóra. Beidh fáilte fós roimh mholtaí agus cheartúcháin ina dhiaidh sin áfach.

Conas an comhad seo a úsáid agus tagairt a dhéanamh dó

Tá fáilte romhat úsáid a bhaint as an gcomhad seo i gcomhair do chuid taighde féin. Tá sé ar fáil anois do léitheoirí eile leis, mar sin is féidir é a lua mar fhoinse le do léitheoirí féin. Is é dias.ie/cloliosta an seoladh gairid atá ag an leathanach seo agus go bhfios dúinn níl an focal ‘Clóliosta’ in úsáid ach i dtaca leis an tionscaint seo. Nuair a bheidh an Clóliosta críochnaithe, beidh uimhir na míreanna á n-úsáid chun tagairt a dhéanamh d’iontráil ar leith (m.sh. ‘Cló 321’), ach iarrtar ar lucht úsáidte an chomhaid gan na huimhreacha sin a úsáid nó go mbeidh an leabhar féin i gcló. Is féidir tagairt a dhéanamh do theideal ar leith faoi bhliain ar leith nó do nóta faoi bhliain ar leith. Táthar ag súil leis go dtiocfaidh an leagan clóite den Chlóliosta amach i gceann bliana agus dá bhrí sin beifear in ann na huimhreacha ‘Cló’ a úsáid sara fada.

Faoi láthair níl aon bhrollach ná réamhrá ag gabháil leis an gcomhad. Is dócha go mbeidh sé soiléir go leor cad dó go bhfreagraíonn na teidil ghearra ach cuirfear liosta iomlán ar fáil sara fada. Tá cros-tagairtí inmheánacha sa chomhad leis (teideal gearr fara le bliain an fhoilsithe), ach tá tagairtí eile i bhfoirm 000, agus ní féidir iadsan a leasú nó go mbeidh an t-uimhriú críochnaithe.

Deintear tagairtí in imeall na láimhe deise do thrí alt a scríobhadh mar chuid den obair ar an gClóliosta (Prospectuses, Guides agus Catechisms) agus tá ??? ag freagairt d’uimhreacha leathanach na n-alt sin nach bhfuil le fáil go fóill. Tugann na haltanna seo níos mó sonraí ar na hábhair lena mbainid siad. Teidil shealadacha na n-alt seo:

  • Irish-language publishing by subscription: prospectuses and other ephemera’
  • Small Irish catechisms and Irish dialects in the eighteenth and early nineteenth centuries’
  • Brief rules for reading Irish found in printed books’

Táthar ag súil leis go bhfoilseofar na haltanna seo timpeall an ama chéanna leis an gClóliosta féin.

Um an taca seo tá sé ar intinn againn Clónótaí a fhoilsiú ar an suíomh seo, ailtíní taighde a eascraíonn as an gClóliosta ach atá rófhada le cur leis an gcomhad féin. Seans go bhfoilseofar cuid acu sin mar bhlag-mhíreanna ar shuíomhanna eile nó go gcuirfear faoi bhráid irisleabhar piarmheasúnaithe iad.

Teagmháil a dhéanamh linn

Dá mba mhian leat dul i dteangbháil linn maidir leis an gClóliosta, ní gá ach teachtaireacht a chur go dtí

cloliosta@celt.dias.ie

Samplaí

1591 The first international printing of An Phaidir

1616 Desiderius (Louvain, 1616)

1707 The Rome reprint of the Louvain Catechism

1790, 1822 Attempts to print the Dublin Annals of Inisfallen

1836 One of Townley’s Limerick tracts, Gaduighe a’ fághail bháis, agus Slanathoir a’ fághail bháis.

1844 O’Daly’s Reliques of Irish Jacobite Poetry in penny numbers

Comhad iomlán

Clóliosta (2019-07-31)