DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Scoil an Léinn Cheiltigh

Crannchur duaiseanna, Lá Fhéile Pádraig

Cuir isteach ar ár gcomórtas chun ceann amháin de dhá dhearbhán €50 a bhuachan!


Poster image of schedule

Léachtaí 2024

Sraith Léachtanna i mí Márta agus i mí Bealtaine 2024; fáilte roimh chách! An clár…


Celtica 35 ar fáil

Ceannaigh anois: https://shop.dias.ie/product/celtica-journal-of-the-school-of-celtic-studies-vol-35/


Staidéar ar an nGaeilge agus ar na teangacha Ceilteacha eile i scríbhinní agus sa chaint bheo feadh a ré is cúram do Scoil an Léinn Cheiltigh. Déantar taighde freisin ar a gcúlra cultúrtha, stairiúil, sóisialta agus dlí. Tá idir fhoireann bhuan agus scoláirí taighde fostaithe ag an Scoil. Foilsímid leabhair agus foinsí leictreonacha atá ar líne, maille le hiris na Scoile, Celtica. Eagraímid, ina cheann sin, comhdháil bhliantúil, mar atá, an Tionól, agus comhdhálacha ócáidiúla eile.

I measc na mórthionscnamh atá idir lámha againn tá:

Tá acmhainní tábhachtacha a bhaineann leis an Léann Ceilteach ar fáil ar shuíomh idirlín na Scoile:

  • Monasticon Hibernicum: bunachar d’ionaid eaglasta ó ré na Luath-Chríostaíochta in Éirinn (a chuir Ailbhe Mac Shamhráin, Aidan Breen agus Nora White i dtoll a chéile in Ollscoil Mhá Nuad)
  • Bunachar Fhilíocht na Scol, a réitigh an Dr Katharine Simms, Roinn na Staire, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.