DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Scoláireacht Uí Dhonnabháin

Beidh scoláireacht amháin ar fáil sa Scoil ó Lúnasa 2017.

Le cur isteach ar an scoláireacht:

Ba cheart CV maille le cur síos ar an taighde a bhfuil faoin iarrthóir dul ina bhun (1,000 focal ar a mhéid) a sheoladh chuig:
Eibhlín Nic Dhonnchadha,
Riarthóir na Scoile,
Scoil an Léinn Cheiltigh,
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath,
10 Br Burlington,
Baile Átha Cliath 4
Éire.
Rphost: eibhlin@celt.dias.ie

Is é 17 Feabhra 2017 an lá deiridh a nglacfar le hiarratais.

Ní mór d’iarrthóirí a chinntiú go mbeidh teistiméireachtaí ó bheirt mholtóirí ag Riarthóir na Scoile faoin dáta seo freisin. Ina cheann sin, ba cheart d’iarrthóirí an dáta a mbeidh siad in ann tosú ar an scoláireacht agus an tréimhse atá siad ag brath a chaitheamh léi a lua san iarratas. Trí bliana a mhaireann an scoláireacht de ghnáth.

Ba cheart céim na dochtúireachta a bheith bainte amach cheana ag iarrthóirí nó iad gan a bheith i bhfad uaidh sin. €25,000 sa bhliain an stipinn a íocfar le hiarrthóirí a bhfuil dochtúireacht acu.