DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Folúntas: Comhaltacht Uí Aimhirgín

Is mian le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath taighdeoir ardchumasach atá i dtús a réime agus a bhfuil geallúint faoi/fúithi a cheapadh i 2023 faoi scéim Chomhaltachtaí Uí Aimhirgín i Scoil an Léinn Cheiltigh. Beidh feidhm leis an gceapachán ar 1 Feabhra (nó ar dháta oiriúnach go luath ina dhiaidh sin).

Is cóir d’iarrthóirí céim na dochtúireachta a bheith bainte amach acu, agus taithí d’ardcháilíocht a bheith acu i mbun taighde ar ghné den Léann Ceilteach a bhaineann le raon saothair na Scoile. Is féidir le hiarrthóirí ar mian leo an folúntas a phlé teagmháil a dhéanamh le Stiúrthóir na Scoile.

Chun cur isteach is cóir litir iarratais a sheoladh maraon le CV acadúil, moladh i gcomhair tionscnaimh thaighde (gan dul thar 4 lch), agus ainmneacha agus seoltaí triúr moltóirí (atá sásta feidhmiú), go dtí An Cláraitheoir, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 10 Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath 4, D04 C932, Éire, le bheith istigh faoi 13 Eanáir 2023. Seoltar iarratais leictreonacha chun registrarsoffice@admin.dias.ie.