DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Folúntas: Scoláireacht Uí Dhonnabháin

Beidh scoláireacht ar fáil sa Scoil go luath i 2023. Ba cheart go mbeadh céim na dochtúireachta bainte amach ag iarrthóirí roimh thosú ar an scoláireacht.

Ní mór CV maille le cur síos ar an taighde a bhfuil faoin iarrthóir dul ina bhun (1,000 focal ar a mhéid) a sheoladh chuig:

Eibhlín Nic Dhonncha,
Riarthóir na Scoile,
Scoil an Léinn Cheiltigh,
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath,
10 Br Burlington,
Baile Átha Cliath 4
Éire.

Rphost: eibhlin@celt.dias.ie

Is é 13 Eanáir 2023 an lá deiridh a nglacfar le hiarratais.

Ní mór don iarrthóir a chinntiú go mbeidh teistiméireachtaí ó bheirt mholtóirí a dhearbhóidh a c(h)umas le buntaighde a dhéanamh ag Riarthóir na Scoile faoin dáta seo freisin.

Coinníollacha na Scoláireachta.

Beifear ag súil leis go gcuirfidh scoláirí fúthu i mBaile Átha Cliath agus go nglacfaidh siad páirt iomlán in imeachtaí Scoil an Léinn Cheiltigh – seimineáir, léachtaí agus comhdhálacha.

Mairfidh an scoláireacht ar feadh trí bliana ar a mhéid agus déanfar athbhreithniú gach bliain.