DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Tionól 2023 — Gairm ar Pháipéir

Tionól 2023 Call-for-papers poster

Beidh Tionól na bliana seo ar siúl ar an 17 agus 18 Samhain.

Léifear páipéir a bhaineann le gné ar bith den Léann Ceilteach, agus a mhairfidh leathuair an chloig.

Daoine a mbeadh ar intinn acu páipéar a léamh sa Tionól seo, bheimís buíoch díobh ach an t-eolas seo a lua linn:

  • Teideal an pháipéir
  • Achoimre an pháipéir (i scríbhinn, nó mar iatán ríomhphostais)
  • Áiseanna a bheadh ag teastáil

Socrófar clár an Tionóil sa bhfómhar, cuirfear in úil ansin do chách é, agus foilseofar ar shuíomh idirlín na Scoile é.

Dé hAoine 15 Meán Fómhair 2023 an sprioc.

Moltar iarratais a chur ar aghaidh go dtí Tionól, Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 10 Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath 4, nó tríd an ríomhphost go dtí tionol@celt.dias.ie.