DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Folúntas: Ollúnacht Chúnta

Táthar ag lorg iarratas ar an bpost lán-aimseartha taighde seo ag leibhéal na hOllúnachta Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh. Fáilteofar roimh iarratais ó scoláirí atá i mbun taighde i gceann ar bith de na réimsí taighde atá cuimsithe ag an Scoil agus bheadh fáilte ar leith roimh iarratais uatha siúd a bhfuil saineolas cruthanta acu ar an Luath-Ghaeilge nó ar an Nua-Ghaeilge Mhoch. Ba cheart go léireodh iarrthóirí a bhfuil bainte amach acu mar thaighdeoirí neamhspleácha agus go mbeadh  fianaise sa mhéid sin ar shárshraith foilseachán a bheadh ag teacht leis an gcéim ina bhfuil siad dá ngairm, maille le fianaise ar a rannpháirtíocht sa ghort ar bhonn léachtaí comhdhála agus gníomhaíochta in imeachtaí eile acadúla. Ba inmhianta taithí a bheith acu ar obair in institiúid ar an tríú leibhéal agus taithí ar obair iarchéime a stiúrú. Ba bhuntáiste freisin a bheith in ann léiriú gur chuir siad isteach ar mhaoiniú ar thionscadail taighde.

Is féidir teacht ar a thuilleadh sonraí anseo.   Ba cheart litir iarratais maille le CV agus ainmneacha triúr moltóirí a uaslochtú, mar chomhad amháin PDF, ar chóras earcaíochta na hInstitiúide anseo faoin 31 Deireadh Fómhair 2023.