DIAS Headquarters, 10 Burlington Road - D04C932 contact@dias.ie 00353 (0) 16140100

Post mar Ollamh Cúnta – Scoil an Léinn Cheiltigh

Gnáthshonraí

Eolas ar an Scoil agus ar  IALBÁC

Bunaíodh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (IALBÁC) go reachtúil sa bhliain 1940 chun buntaighde a chur chun cinn agus chun ardmhic léinn a oiliúint i modhanna taighde. Trí Scoil atá faoi láthair in IALBÁC: Scoil an Léinn Cheiltigh, Scoil na Fisice Cosmaí agus Scoil na Fisice Teoiriciúla. Tá an IALBÁC arna mhaoiniú ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus tuairiscíonn sí go díreach don Roinn sin.

Is é misean  IALBÁC:

Teorainneacha na tuisceana reatha i ndisciplíní na speisialtóireachtaí againne a bhrú chun cinn agus taighde bunúsach a dhéanamh de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde.

A chur ar chumas taighdeoirí ag gach céim dá ngairmré a n-acmhainneacht taighde a fhorbairt agus a chomhlíonadh, agus scoláirí cumasacha a oiliúint san ardtaighde.

Spás neodrach taighde agus timpeallacht intleachtúil fhabhrach a chur ar fáil do thaighdeoirí áitiúla agus idirnáisiúnta chun tabhairt faoi ardtaighde, a gcuid smaointe a iniúchadh, agus dul i mbun machnaimh gan srian

Tá Comhairle  IALBÁC, an chomhlacht corporáideach atá ag an Insitiúid, freagrach as gnáthrialachas na heagraíochta chomh maith lena cuid ghnóthaí airgeadais agus riaracháin. Is iad baill na Comhairle:  Cathaoirleach, arna cheapadh ag an Uachtarán,ar chomhairle an Rialtais, triúr ball ex-officio – Propast Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, Uachtarán an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath agus Uachtarán Acadamh Ríoga na hÉireann – agus seisear comhaltaí arna gceapadh ag Boird Rialaithe na dtrí Scoil.

Feidhmíonn na Scoileanna faoi rialú agus faoi bhainistíocht Bhord Rialaithe neamhspleách. Tá na Boird freagrach as an gclár taighde agus as foireann acadúil na Scoile. Ceapann an tUachtarán, ar chomhairle an Rialtais, an Cathaoirleach agus roinnt comhaltaí seachtracha. Is comhaltaí ex-officio den Bhord iad Ollúna Sinsearacha na Scoile. Ceapann an Bord duine de na hOllúna Sinsearacha ina Stiúrthóir ar an Scoil ar feadh téarma trí bliana. Caithfidh gach scoil tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil faoina cuid gníomhaíochtaí agus léacht phoiblí amháin a thairiscint in aghaidh na bliana ach, taobh amuigh de sin is faoin Scoil féin a cuid taighde agus a cuid oiliúna a chur i gcrích faoi stiúir an Bhoird.

Tá IALBÁC arna mhaoiniú ag deontas bliantúil ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Faigheann Scoil an Léinn Cheiltigh ioncam breise den chuid is mó ó dhíolachán a cuid fhoilseachán. I gcás na Scoileanna eile, faightear cistí seachtracha breise den chuid is mó ó dheontais ar leith agus ó mhaoiniú na dtionscadal.

Ról an Ollaimh Chúnta

I measc príomhréimsí an Léinn Cheiltigh sa Scoil faoi láthair, tá teangeolaíocht na Luath-Ghaeilge agus na Nua-Ghaeilge, taighde ar théacsanna Luath-Ghaeilge agus  Nua-Ghaeilge Moiche agus an phailéagrafaíocht, saol agus institiúidí meánaoiseacha na hÉireann, agus fileolaíocht na Breatnaise agus na hInd-Eorpaise.

Is post lánaimseartha an Ollúnacht Chúnta. Caithfidh gach Ollamh Cúnta a c(h)uid ama agus a c(h)umas  a chaitheamh chun an obair a leagtar amach don Scoil san Acht um Institiúid Ard-Léinn 1940 agus an tOrdú um Bunú Scoile a chur chun cinn agus gach dualgas a chuireann Bord Rialaithe na Scoile nó  Stiúrthóir na Scoile air/uirthi a chomhlíonadh mar is cuí don phost.

Is í an phríomhfhreagracht a bhaineann leis ná torthaí taighde a fhoilsiú. Ach amháin sa chás go gceadódh Bord Comhairle  IALBÁC le cead ó Bhord Rialaithe na Scoile a mhalairt, is leis an Scoil amháin torthaí an taighde a d’eascair  as an obair a rinne an tOllamh Cúnta. Ní féidir aon obair ghairmiúil a dhéanamh lasmuigh den Scoil ach amháin le cead roimh ré ó Bhord Rialaithe na Scoile i ndiaidh dóibh dul i gcomhairle leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Beidh aon rannpháirtíocht in obair ghairmiúil sheachtrach a cheadóidh an Bord faoi réir ag Polasaí na Comhairle ar Leasanna Seachtracha na Foirne Acadúla.

Gnáthtéarmaí agus Coinníollacha

Tuarastal

Is é scála tuarastail an Ollaimh Chúnta d’earcaigh nua san earnáil phoiblí (agus fostaithe sa tseirbhís phoiblí atá ann cheana ar scála RPP) ná €59,487 – €94,020 faoi láthair. Baineann scála níos ísle le fostaithe sa tseirbhís phoiblí atá ann cheana ar scála Neamh-RPP (€56,513 – €89,319). Tiocfaidh an tuarastal tosaigh le rialacha na hearnála poiblí.

Suíomh Oibre:

Tá Scoil an Léinn Cheiltigh suite ag 10 Bóthar Burlington. Caithfidh an té a cheapfar cónaí laistigh de 80 ciliméadar ó Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Saoire Bhreoiteachta

Tugtar saoire bhreoiteachta ar aon dul le rialacháin shaoire bhreoiteachta na hearnála poiblí (IR 124 na bliana 2014 agus IR 384 na bliana 2015). Ciallaíonn sin go bhfuil an ball  foirne i dteideal:

Suas le seacht lá saoire fhéindeimhnithe íoctha a ghlacadh i dtréimhse leanúnach dhá bhliain.

Suas le 92 lá (deireadh seachtaine srl. san áireamh) saoire bhreoiteachta deimhnithe dochtúra ar a mhéad  ar lánphá i dtréimhse bliana, agus 91 lá (lena n-áirítear deireadh seachtaine srl.) ar a mhéid ar leathphá ina dhiaidh sin, faoi réir uasmhéid 183 lá (lena n-áirítear deireadh seachtaine srl.) i dtréimhse leanúnach 4 bliana.

I gcás tinnis chriticiúil, déantar teidlíocht na saoire breoiteachta a dhúbailt, faoi réir rialacha na scéime.

Saoire Bhliantúil

Is é an liúntas saoire bliantúil don té a cheaptar ná 30 lá oibre gan laethanta saoire bainc agus laethanta saoire poiblí a bheith i gceist ach laethanta dúnta na Nollag a chur san áireamh. Tugtar saoire de réir an Achta um Eagrú agus Am Oibre 1997. Ní mór an liúntas saoire reachtúil (20 lá) a thógáil sa bhliain saoire lena bhaineann nó laistigh de shé mhí ó thús na chéad bliana saoire eile.

Pinsean

Braithfidh téarmaí pinsin agus coinníollacha aoise scoir ar stádas an an té a cheapfar. De ghnáth:

(a) Beidh éinne nach raibh post inphinsin sa tSeirbhís Phoiblí roimhe seo aige/aici sa 26 sheachtain roimh an gceapachán ina b(h)all de Scéim Pinsin na Seirbhíse Poiblí Aonair (Scéim Aonair) ar cuireadh tús léi ar an 1 Eanáir 2013 (Lena bhaineann Alt 10 de Phinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile) den Acht 2012). Is í an íosaois scoir reatha ná 66 bliain do chomhaltaí na Scéime Aonair. Tá an scor éigeantach nuair a thagann an duine in aois 70 bliain.

 (b) Éinne a bhí ina bhall de “scéim pinsean na seirbhíse poiblí a bhí ann roimhe seo” mar atá mínithe in  Acht na bPinsean Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha Eile), 2012 agus nach gcáilíonn do bhallraíocht den Scéim Aonair, beidh an duine sin  i dteideal téarmaí cuí an phinsin faoi Scéim Aoisliúntais Foirne IALBÁC (tá na sonraí fúithi ar fáil ó Oifig an Chláraitheora). Braithfidh coinníollacha na haoise scoir ar ce acu is iontrálaí nua na bliana 2004 nó iontrálaí neamh-nua é an duine faoi fhorálacha an Achta um Aoisliúntas na Seirbhíse Poiblí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004. I gcás éinne a mheastar a bheith ina (h)iontrálaí nua sa bhliain 2004 , níl aon aois scoir leagtha síos ann faoi láthair. Is í an íosaois ag a bhfuil pinsean iníoctha ná 65 bliain. I gcás éinne a mheastar nach iontrálaí nua é/í, tá an scor éigeantach nuair a thagann sé/sí in aois 70 bliain. Is í 60 bliain an íosaois ag a bhfuil pinsean iníoctha.

Is í dhá bhliain an tseirbhís íosta chun inphinsin a bhaint amach. Déanfar asbhaintí de réir rialacha na scéime ón dáta tosaithe ag an duine sin.

Nuair a thairgtear an post, cinnfidh IALBÁC, i bhfianaise stair fostaíochta na Seirbhíse Poiblí (agus/nó) fostaíocht eile an té a cheapfar,  téarmaí agus coinníollacha an phinsin cuí a bheidh i bhfeidhm ar feadh tréimhse an cheapacháin. Caithfidh an té a cheapfar an stair iomlán aige sa tseirbhís phoiblí a nochtadh. Cuirfear na sonraí faoi na forálacha pinsin cuí in iúl nuair a chinntear stádas an duine sin.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go bhfuil teorainn 40 bliain ar an tseirbhís iomlán is féidir le duine aonair a fhabhrú chun críche an phinsin ó ilscéimeanna na hearnála poiblí agus baineann uasteorainn leis na sochair as comhshochair phinsin na hearnála poiblí. Tháinig an teorainn 40 bliain seo, dá bhforáiltear san Acht um Pinsin na Seirbhíse Poiblí (Scéim Aonair agus Forálacha eile), 2012, i bhfeidhm ar an 28 Iúil 2012.

Teacht ar ais in earnail na seirbhíse poiblí

D’fhéadfaí cosc a chur ar iarratas ar an bpost ó aon iarfhostaí de chuid na hearnála poiblí agus a d’fhág/a d’imigh imigh ar scor faoi théarmaí scéimeanna dreasachta/comhaontuithe scoir ar leith lena mbaineann srianta ar aon athfhostaíocht aige/aici san earnáil phoiblí. Caithfidh gach iarrthóir a bhí ag obair san earnáil phoiblí roimhe seo a dhearbhú ar bhain sé/sí leas as aon scéim dreasachta luathscoir/iomarcaíochta de chuid na Seirbhíse Poiblí.

Costais Aistrithe

Íocfar an costas iomlán a bhaineann le gnáthearraí teaghlaigh a aistriú, laistigh de theorainneacha réasúnta, ar an mbonn go socróidh an té a cheapfar go seolfaidh trí chomhlacht aistrithe a gcuid meastachán go díreach chuig an Rannóg Airgeadais. Is faoin Oifig Airgeadais a bheidh an cinneadh maidir leis an meastachán a nglacfar leis.

Scrúdú Leighis

Beidh ar an té a n-éiríonn leis/léi sa chomórtas dul faoi scrúdú leighis réamhfhostaíochta.

Próiseas an Iarratais

Ba cheart Litir Iarratais, mar aon le CV, lena n-áirítear mionliosta na bhfoilseachán maille le hainmneacha triúr moltóirí a uaslódáil mar chomhad pdf amháin ar chóras earcaíochta ar líne  IALBÁC anseo, roimh an 31 /10/2023. Ba cheart don iarrthóir sonraí teagmhála a gcuid moltóirí ainmnithe a chur ar fáil sa doiciméad uaslódáilte agus ba chóir dó/di a chinntiú go mbeadh na moltóirí ar fáil chun teistiméireachtaí a chur ar fáil.