Táthar ag lorg iarratas ar an bpost lán-aimseartha taighde seo ag leibhéal na hOllúnachta Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh. Fáilteofar roimh iarratais ó scoláirí atá i mbun taighde i gceann ar bith de na réimsí taighde atá cuimsithe ag an Scoil agus bheadh fáilte ar leith roimh iarratais uatha siúd a bhfuil saineolas cruthanta acu ar an Luath-Ghaeilge nó ar an Nua-Ghaeilge Mhoch. Ba cheart go léireodh iarrthóirí a bhfuil bainte amach acu mar thaighdeoirí neamhspleácha agus go mbeadh fianaise sa mhéid sin ar shárshraith foilseachán a bheadh ag teacht leis an gcéim ina bhfuil siad dá ngairm, maille le fianaise ar a rannpháirtíocht sa ghort ar bhonn léachtaí comhdhála agus gníomhaíochta in imeachtaí eile acadúla. Ba inmhianta taithí a bheith acu ar obair in institiúid ar an tríú leibhéal agus taithí ar obair iarchéime a stiúrú. Ba bhuntáiste freisin a bheith in ann léiriú gur chuir siad isteach ar mhaoiniú ar thionscadail taighde.
Is féidir teacht ar a thuilleadh sonraí anseo. Ba cheart litir iarratais maille le CV agus ainmneacha triúr moltóirí a uaslochtú, mar chomhad amháin PDF, ar chóras earcaíochta na hInstitiúide anseo faoin 31 Deireadh Fómhair 2023.
Leave a Comment
Last Updated: 17th November 2023 by Andrew McCarthy
Folúntas: Ollúnacht Chúnta

Category: School of Celtic Studies News & Events
Recent Posts
International physics conference, hosted by DIAS, seeks to address gender equality
DIAS Astrophotography competition goes mobile for 2024
Irish scientists are part of groundbreaking discovery with James Webb Space Telescope
Dr Pauline Gagnon (formerly of CERN) to deliver two talks at DIAS
DIAS Professor announced as next President of the European Southern Observatory’s Council
Language switcher